An Cailín Aerach – Corn Uí Riada 2011

Amhránaí

Téamaí

An Cailín Aerach

‘S ar maidin Dé Domhnaigh roimh Aifreann d’éisteacht,
Bhí cuideachta shúgach i dtigh Nellie Healy,
Bhí na boird á mbualadh ‘s an t-ól á ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

‘S nuair thánag abhaile ón Aifreann d’éisteacht,
Do shiúlaíos ina haice siúd a’ gabháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a’ tí isteach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhíbir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

Is a Mháire Ní Thuama ná déan mé a dhaoradh,
Má bhímse go mór leis an gCailín Aerach,
An canna ‘ bhí cúrach, ní ólfadh braon de,
‘S dá siúlfainn léi an Ruachtach geallaim nár bhaol di.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

Le titim a’ drúchta le fonn do sheinnfinn
Nuair chífinn chugam an cailín meidhreach,
Ba ghlaise a súil ná an colúr a sceinneann
Is do sciob sí clú thar Chúm go deimhin léi.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

Bhí gruaig a cinn ‘na cocán buí léi,
Ba ghile í ná’n eala a thiocfadh thar linn chughainn,
Do chrúdh si an ghamhnach le teacht na h-oíche,
‘S ba bhinne ar a beol í ná ceol na píbe.
 
‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

‘S ná deiníg aon teorainn de ghlór Pheaid Bhuí,
Bhíodh na comharsain i gcónaí i ngleo ‘s a bruíon leis,
Dá mbeadh cailíní óga a’ spórt is a’ rince ann
Do sheinnfeadh ceol dóibh go dtitfeadh an oíche.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

‘S dá bhfeicfinn go brách í ar chlár nó ar aonach,
Bheadh canna agus cárt im láimh in éineacht,
S ní thógfainnse páirt lena n-aireoinn á daoradh
Mar do rinncfeadh sí ar chlár liom ar áilleacht Éireann

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.

Agus comhairle a bheirim-se do chailíní óga,
Gan ‘ bheith amuigh go déanach
I gcuideachta na n-óig-fhear,
Ach teacht abhaile go luath um’ thráthnóna
Nó mura ndeinid gurb é an allait an bhóthar.

‘S an fol the dol the diró,
Fol the dol the déró
Fol the dídil i dídil i dí déró,
Fol the dol the diró
Fol the dol the déró
Fol the dídil i  dídil idil ídil é ró.