An Chóisir – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

An Cóisire

Do ghluais an bathalach beag tóstalach
Is poitín á fhreastal ar chórda aige
A’ d’iarraidh leanna chun cóisire
Chun iad a chur ar na stáraibh.

Ar a theacht abhaile trí Bhóthar Tuirc
Is poitín á fhreastal ar chord’ acu
Do thit an canna ar a thóin ar lic
Gus siúd a chuid leanna chun fána.

Curfá:
Is an ti- di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti- di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti-di-dee did-dle-dee di-dee.

Do bhuail a bhosa go deorach dubh
Nuair a bhí an canna gan tóin aige
Is dúirt “Táim creachta go deo leis sin”
‘S gan braon sa bhaile ach an bláthach.

Do bhuail a bhasa go cráite ansan
Is dúirt “Táim creachta go deo leis sin”
Ar cuaird in aistear atáim anois
Gan chlú, gan ainm, gan árthach.

Curfá

Do bhí fuaim an asail mar cheol acu
Agus dríodar práisce dá ól mar phuins
Rírá ag bacaigh le mórtais ann
‘S nach orthu bhí an t-eirí in airde?

Do bhí Síle shalach mar chócaire acu
Is feoil a’ghabhair ghleabaigh dá rósta ar bior
Go bhfaighfí boladh dreoite uirthi
Ó bheith ina craiceann le ráithe.

Curfá

Do ghluais an gasra ar cheol go moch
‘S ní raibh capall na cóiste acu
Ach fógra chun cóisire orthu
Is iad a’ dul go Cill Airne.

Do bhuail an sagart sa ród umpa
Is dóibh do bheannaigh go córach glic
“Téig abhaile ‘gus tógaidh tigh
‘Gus cuiridh bhur gcapall ar stábla.”

Curfá

“Go deimhin a athair ní cóir duit sin
‘S ní dóigh go nglacfainn led chomhairle ‘nois
Ach téam cois balla agus póirse linn
‘Gus béarfaimid cnagaire lán duit.

Do bhuail é fearg ‘s ba mhór a phluic
‘Ní raghad cois falla ná póirse libh
Ach faigh bhur gcaille ‘s bhur lóma fir
‘Gus pósfad ar bholg na sráide iad”.