Cath Chéim an Fhia – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

Cath Chéim an Fhia

Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire sea bhímse 
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor chodladh só 
Ag machnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe. 
Ag éisteacht i gcoillte le binn ghuth na n-eon 
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar 
Is glór na n-each ag teacht leis síos 
Le fuaim an airm do chrith an sliabh  ‘s níor bhinn linn a nglór 
Thánadar go namhadmhar mar thiocfadh garda de chonnaibh nimhe 
Agus cumha mo chroí na sár-fhir a d’fhágadar gan treoir.

Níor fhan fear, bean ná páiste i mbun áitrimh ná tí acu 
Ná gártha goil do bhí acu ‘s na mílte olagón 
Ag féachaint ar an ngarda go láidir ‘na dtimpeall 
Ag lámhach ‘s ag líonadh ‘s ag scaoileadh ‘na dtreo 
An liú gur leath i bhfad i gcéin; ‘sé dúirt gach flaith ‘nár mhaith leis triall 
Gluaisigí go mear tá an cath dá riar agus téimís ‘na chóir 
Thángadar na sár-fhir, guím áthas ar Chlanna Gael 
‘S thiomáineadar na Pághánaigh le fánaig ar seol.

Ba ghairid dúinn go dtáinig an lámh láidir inár dtimpeall 
Gur scaipeadar ár ndaoine ar gach muilinn faoin gceo 
Bhí an Burrach ‘na bhumbáile ‘cu, Barnett agus Beecher, 
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo. 
A Rí na bhFeart go leagadh iad gan chliú, gan mheas, gan rath, gan séan. 
Go tinte meara i measc na bpian gan faoiseamh go deo, 
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as a’ dtóir 
Ach bheith ag déanamh grinn de ‘s á insint ar só.

Do bhí Smith ar a thár in airde, ar ard leachainn rí dhuibh, 
Ba ghránna a bhí a ghní ‘s gan tinte ar a thóin nár bheireadh crídh is fearr iad, 
An t-ál seo Chalbhinn choíche 
Nár ghéill riamh do Chríost ach púimp agus póit 
Beidh na sluaite fear ag teacht gan chíoch, 
Ar longaibh mara is fada a dtriall, 
‘S an Francach Théas nár mheathlaigh riamh, i bhfaobhar is i gcóir. 
Beidh cathracha á stríocadh agus tinteacha á lasadh leo 
Tá’n cairde fada díolta ‘s an líon rith ina gcomhair.

‘S a Chlanna Gaeil na n-Árann, ná stánaigí is ná stríocaigí, 
Is gearr anois gan mhoill go mbeidh críoch le bhur gnó 
Tógaíg suas bhúr gcráiste tá an t-ál seo le díbirt, 
Go hifrinn iad á díriú i dtinteachaibh teo. 
Bíodh bhur bpící glan i gceart ‘s i ngléas, 
Téigí chun catha ná fanaíg ‘siar, 
Tá cabhair ag teacht le toil ó Dhia agus léirigí na póir 
Sáigí isteach go dána, in áitreamh a dtáinig romhaibh 
Is mithid daoibh é fháil ‘s tá ‘n cairde maith go leor.