Dónall Ó Maoláine – Sean nós na mban 2015

Amhránaí

Dónall Ó Maoláine

Idir Caiseal agus Úrchoill tharlaigh orm an Cúilfhionn
Agus í goil ró-mhúinte dul tharam in san ród
Rug mé greim cúil uirthi agus leag mé ar an drúcht í
Agus d’fhág mé an croí brúite aici ag sileadh na ndeor.

A Dhia mhór na páirte dá mbeadh agam páiste
Caidé dhéanfainn gan athair do mo leanbh beag óg
Mise Dónall Ó Maoláine is ní cheilfinn ar fheara Fáil é
Agus gheobhaidh tú ar an tSliabh Bhán mé i gContae Maigh Eo.

Bliain ón lá sin tharlaigh orm an stáidbhean
Is bhí teanga chiúin chéile aici fá mo choinne insa ród
Rug sí greim láimh orm agus chuir sí romham fáilte
Is caidé mar atá do shláinte, a ógánaigh óig?”

“Seo litir ó m’athair agus beannacht ó mo mháthair
Is bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó
Gheobhaidh tú na táinte agus ór buí ina mhámaí,
Ach mise a bheith ar láimh leat a fhad is bheidh mé beo.”

“Óra leabhar mhaise, a pháiste, ba doiligh domh a rá liom,
Sin athrú ná ndéanfainn ach ar an chúig mhíle bó,
Ach go bé go bhfuil mé geallta le bliain mhór is ráithe
Leis an iníon sin do shloinne Uí Dhálaigh as Contae Mhaigh Eo.

Óra imigh, agus déan sin, dheamhan a miste liom féin é,
Ní folamh atá Éire, tá fir eile le fáil;
Is feasach domh céile nach n-iarrfadh pingin spré liom,
Ach a ghlacfadh mé i mo léine cé nach folamh atáim.

Mo chreach ‘s mo nach marbh a bhí mé
Sular casadh ar do shlí mé a ógánaigh óig
Mise a bheith ag guí leat, bean eile ag luí leat,
Mise ar mhaidin bhog aoibhinn is mé ag silleadh na ndeor.