Mall Dubh an Ghleanna – Sean nós na mban 2016

Amhránaí

Téamaí

Mall Dubh an  Ghleanna

Ó cé sin amuigh ag fuinneogaí mo thí
Ag síorchur mo chodlata in iúl domh?
Mise Moll Dubh an ghleanna, an ligfidh mé isteach thú
Nó go ndéanfaidh muid tamaill súgraidh.
Croí is a chuid caidé a dhéanfainnse dhuit
Mura dtabharfainn thú fá mo ghúna
‘S go bhfuil púdar dubh á scaoileadh linn go tiubh
‘S go mb’fhéidir go ndéanfadh sé ár bplúch.

Tá ba agam ar shliabh is níl duine ar bith ‘na ndiaidh
Ach tá mé i mo chríochadh leofa.
‘S dá seoladh soir is siar ins an áit a mbíonn a dtriall
Is a n-aghaidh ar a’ bhaile tráthnóna
Folamh liom féin orú feasta choíchín ní bheinn
Ach Moll Dubh a bheith i dtús a hóige
Ach nuair a chíonnfas an tslat ní bhíonn uirthi an tslacht
Mar a bhíos ar na crannaibh óga.

Dá bhfaighinnse iníon an impire, iníon an chaiftín Searlas
Ná iníon rí gheal Seoirse
Bean na n-órfholt buí a chráigh go deo mo chroí
Bean eile agus dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla agus í a bheith go prialach
Ag teacht dom iarraidh le pósadh
Mná deasa an domhain ag fanacht ar mo roghain’
Sí Moll Dubh an ghleanna a phósfainn.

Ach siúd é mo theach ‘s gan de dhíon air ach scraith
‘Na shuí amuigh ar thaobh an bhóthair
‘S nach críonna an rud an bheach nuair a gní sí a néad
I dteas agus i dtús an fhómhair.
‘S fann guth an éin a labhras leis fhéin
Ar thulaigh nó ar shliabh na móna.
Ach sé díobháil na bhfear a d’fhág sinn ar lár
Agus scaoilfidh muid ár mbeannachtaí leofa.