Nuair a bhí mise óg – Sean nós na mban 2013

Amhránaí

Nuair a bhí mise óg, ba deas is ba dóighiúil
A’ scafaire stócaigh mé, ‘súil’ na mban óg
Bhínn á mealladh ‘s á bpógadh, is shiúlainn a’ ród leo
‘S bhínn carthanach cóir leo gan mhairg gan bhrón.

Bhíodh rosca gach bruinnil’, a’ lasadh le loinnir
‘S gach dealramh níos glinne le lúcháire romham
‘S mo ghuthsa gur bhinne leo ‘chluinstin sa chruinniú
Ná’n píobaire ‘seinm ó mhaidin go neoin.

Och, och, ar a’ lá sin murab é bhain a’ bláth domh
‘S é d’fhág mé mar ‘tá mé ‘mo chréatúr gan dóigh
‘S é chloígh mé ‘s é chráigh mé gur chaolaigh mo chnámha
‘S d’fhág meath mar ar mo shláinte nach leigheastar go deo.

Ach is iomaí bean álainn ó Chorcaigh go Málainn
A chaith seal ar láimh liom mo chreach is mo léan
‘S mé ‘g imeacht gan ábhar arís is á bhfágáil
Go cloíte lag cráite faoi leatrom leo féin.

Thit mallacht gach duine acu ‘ bhfíormhullaigh an bhláth orm
D’imigh mo bhláth ‘s níor fhan ribe ar mo mhaol
Ach mo sheanbhlagad feannta le síon is le haimsir
‘Mo chréatúr a’ drandán fé bhuaireamh a’ tsaoil.

Och, och, ar a’ lá sin murab é bhain a’ bláth domh
‘S é d’fhág mé mar ‘tá mé ‘mo chréatúr gan dóigh
‘S é chloígh mé ‘s é chráigh mé gur chaolaigh mo chnámha
‘S d’fhág meath mar ar mo shláinte nach leigheastar go deo

Ach anois iarraim pardún go léir ar na staidmhná
‘Bhí cineálta cairdiúil liom lá breá den tsaol
Ná táthar a’ rá liom gur damnaithe ‘tá mé
‘S nach dual domh go brách fáil go Flaitheas na Naomh.

Ach admháin ‘Dhia go mb’fhearr liom go síoraí
‘Bheith ‘n Ifreann na bPian i measc cairde mo chléibh
Ná bheith ‘bhFlaithis in airde, ‘measc túitní cráifeach’
Nach dtuigfeadh a’ cás, a d’fhág mise faoi léan.