Amhrán Bríd Ní Mháille – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Amhrán Bríd Ní Mháille

Is faraoir ghéar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go h-óg
Ach fágadh in mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéil bheo
Níl deartháir a’m is níl deirfiúr a’m is níl mo mháithrín beo
Ach tá mo Dheaide bocht lag aosta is a Chríost cén t-iontas dhó.

Is an cuimhneach libhse a chailíní an lá ar fhága mé an Trá Bháin?
Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann
Céad glóire do Dhia tá an tsláinte agam is caraid ó Rí na nGrást
Is pé ar bith áit a rachaidh mé ní chasfaidh mé go brách

Is mo bheannacht leis an teach úd inar chaith mé seal den tsaol
Mo bheannacht le mo chuid deartháireachaí bhíodh ann ag déanamh grinn
Muise a Dhia nach bocht an cás a’m é ‘s gan fáil a’m iad a fháil choíche
Is nach é sin a fháganns buartha mé ‘s an ghruaig ag titim dhíom.

Mo dhiomú do na curachaí ‘s mo mhallacht do na báid
Mo dhiomú ghéar don fharraige atá siar leis an Trá Bháin
Nár shíl mé dhá mbáití céad fear go dtiocfadh mo Mhicil slán
Ach a dheartháireachaí breá’ nár chuimhnigh sibh a theacht isteach sa snámh.

Is shoraidh dhaoibhse, a dheartháireachaí, nach dtiocfadh isteach i dtír
Nach gcuirfí cónra chláir oraibh amach ó láimh a’ tsaoir
Chaoinfeadh mná óga an bhaile sibh, a gcleamhnas is a ngaol
Ach is mise an bhean a chaill sibh ‘s a bhéas cráite lena saol.

Is go bhfóire Dia ar na dílleachtaí a d’fhága sibh le fán
Nach mairg a cheapadh tamall dhaoibh sibh scapaithe anonn ná anall
Dhá gcuirfinnse sa reilig sibh ní chuirfinn ann leath-cás
Ach dhá dtúncáil idir mhaidhmeannaí is dhá gcur ó aill go haill.

Tá cumha i ndiaidh Pheaits ‘gus Tom agam is caitheadh mór ‘na ndiaidh
‘S mo dheartháir eile Máirtín a báthadh fadó riamh
Sé Micil bán ba mheasa liom dhá bhfaca mé beo riamh
Ach mo dhiomú-sa don tonn bháite sí a d’fhága mé ‘na ndiaidh.

Is go bhfóire Dia ar mo dheirfiúr bhocht ‘tá thall ins an Trá Bháin
A’ breathnú ar an bhfeilm is ar an áit a mbíodh muid ann
Bhí fairsinge mhór den talamh againn is neart a’nn le cur ann
Ach nach cuma leis an gCeallach é sé fhéin atá in bhur n-áit.