Na hIontaisí – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Na hIontaisí

‘S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa Luan Cásca?
Madra rua a’ fiach agus diallait ón Spáinn air;
Pocfhia ar a mhuin thiar is é ag imirt ar chláirsigh;
Damhán alla is cóir aige a’ tógaint caisleáin dóibh.

Is m’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince!

‘S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa an lá úd?
Cnoc Mhaoldomhnaigh istigh ar bord árthaigh;
Baile na Sagart á tharraingt thar sáile;
Táilliúir i mbéal muice is é ag scuabadh na sráide.

Is m’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince!

‘S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa i mBun Bóthair?
Eascú is píb aici ‘s í fada córach;
Londubh is claidheamh aige ag coimheascar le smólach;
Ag Garraí na gCaorach lá gréine ag baint móna.

Is m’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince.

‘S an bhfaca tú an t-iontas do chonacsa an lá úd?
Eilit a’ ceangailt is eilit a’ cáitheadh;
Dhá eilit déag ag déanamh dóibh stáca;
Dreoilín agus píce ‘s é caitheamh chucu in airde.

‘S m’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince.