Sliabh na mBan – Sean Nós na mBan 2017

Sliabh na mBan

Ní dh’airím véarsa ó lon ná ó chéirseach
Is ní dh’fhásann féar ins na coillte ceart
Níl suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Ach í gol is ag béiceadh ‘s ag réabadh bas.
Á rá gan faothamh, ní bhfaighidh na séimhfhir
Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,
Ag an trúp so méirligh is iad ag teacht lena chéile
Is go mbuafar caoch orainn ar Shliabh na mBan.

Is oth liom fhéinig bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaeil bhocht is na céadta slad;
Mar athá na méirligh ag déanamh géim dhínn,
Is a rá nach aon ní leo píc ná sleá.
Níor tháinig ár major i dtús an lae chughainn,
Is ní rabhamar fhéin ann i gcóir ná i gceart,
Ach mar a sheolfaí go dtí an aonach tréad bó gan éide
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.

Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan lé héirim istoíche stad,
Go mbeadh an dúthaigh Déiseach agus iarthar Éireann
Ag triall le chéile ón tír aneas.
Go mbeadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana,
Bheadh cúnamh Dé againn sa saol ar fad,
Is ní dhíolfadh méirleach de mhuintir Néill sinn
Nach bhuafaí an sway linn ar Shliabh na mBan.

‘Sé Ros do bhreoigh is do chloígh go deo sinn,
Mar fágadh mórchuid dínn sínte lag;
Leanaí óga ’na smúrabháin dóite.
Is an méid a fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
Ach geallaim fhéin daoibh an té a dhein an foghla,
Go mbeinn i gcomhar dhó le píc is le sleá,
Is go gcuirfead yeomen ar crith ’na mbróga,
Ag díol an chomhair leo ar Shliabh na mBan.

Thá an Francach faobhrach is a loingeas gléasta,
Le cranna géara acu ar muir le seal;
’Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn,
Is go gcuirfear Gaeil bhocht arís ’na gceart.
Dá mba dhóigh liom fhéin go mb’fhíor an scéal san
Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon ar sceach,
Is bheadh cloí ar mheirligh is an adharc á séideadh,
Ar thaobh na gréine dhe Shliabh na mBan.

Thá na cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais,
Thá an aimsir óg is an chabhair le teacht;
An té mhill na gnótha sé a leighisfidh fós iad,
Is ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sraith
Píosa coróineach, an chuid ba mhó dhe,
Luach éiric bó nó teaghlaigh dheas,
Beidh rince ar bhóithre ’s beidh soilse dhá ndó ann.
Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.