An Seanduine

An Seanduine

Comhairle a fuaireasa amuigh ar an mbóthar
Ó rógaire sagairt an seanduine a phósadh
Ba chuma leis siúd ach go méadóinn a phóca
‘S go b’fhágfadh sé mise ag brath ar na comharsain.

Óró ‘sheanduine, sheanduine dóite
Óró ‘sheanduine, leac agus fód ort
Óró ‘sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is cúpla diúg ionat a chuirfeadh fén bhfód thú.

Phósas an seanduine, is orm bhí díchéille
Dhein an méid sin ar chomhairle mo ghaolta
Chuaigh mé abhaile leis faraor an méid sin
Is dh’éirigh mé ar maidin is b’fhearr liom an t-éag liom .

Óró ‘sheanduine, sheanduine dóite
Óró ‘sheanduine, leac agus fód ort
Óró ‘sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is cúpla diúg ionat a chuirfeadh fén bhfód thú.

Dá bhfaighinnse mo ‘sheanduine báite i bpoll móna
A chosa bheith briste is a lámha a bheith leonta
Thabharfainn abhaile é is do dhéanfainn é a thórramh
Is shiúlóinn amach leis na buachaillí óga.

Óró ‘sheanduine, sheanduine dóite
Óró ‘sheanduine, leac agus fód ort
Óró ‘sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is cúpla diúg ionat a chuirfeadh fén bhfód thú.

Do chuasa go Corcaigh ag iarraidh gléas tórraimh
Píopaí tobac agus cláracha comhrann
Nuair thána mé abhaile go tinn tuirseach breoite
Cá bhfaighinnse mo ‘sheanduine ach ag róstadh brocóige .

Óró ‘sheanduine, sheanduine dóite
Óró ‘sheanduine, leac agus fód ort
Óró ‘sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is cúpla diúg ionat a chuirfeadh fén bhfód thú.

Ó chuir mé an seanduine siar go tigh riaradh
An áit go raibh míle agus fiche de shliabh ann
Chrop a chuid eascaid agus thit a chuid fiacal
Is tháinig sé abhaile ina bhromachán bliana.

Óró ‘sheanduine, sheanduine dóite
Óró ‘sheanduine, leac agus fód ort
Óró ‘sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is cúpla diúg ionat a chuirfeadh fén bhfód thú.