Raca Breá mo Chinn

Raca breá mo chinn

Maidin aoibhinn Fhómharmhar, ‘s mé ag gábhailt an bhóthair síos,
Do casadh cailín óg orm ‘s í ag crú na bó cois claí
Ba bhinne í ná sneachta ar mhórchnoic,’s bhí scáil na rós ‘na gnaoí,
Sé mo léan ná fuilimse pósta leat a chailín óig mo chroí.

Is maith an t-am chun pósta é, a buachaill óig, dúirt sí
Sara dtiocfaidh a thuilleadh den bhfómhar orainn ‘s go gcuirfeam an mhóin i gcrích.
Seo liom go tigh an óil ‘steach, agus bí ar stól id’ shuí
Agus glaoighse puins do dhóthain, agus ligse domsa díol.

Is dubhach an bhean go lá mé, is is cráite buartha bhíos.
Gan dúil i sult ná i ngáire agam ná fós i mbéile bídh.
Mo ghruaig liom síos ‘na táthaibh is náid a réiteódh í.
‘S cad a dhéanfainn fhéin, a mháithrín, gan raca bréa mo chinn?

‘Is a rúnaigh ná bíodh cás ort ná mairg ar do chroí
Gheobhairse an ród so amárach, is cuir céad fáilte roimhe,
Socraigh cathaoir ard fé ar imeall nó í lár an tí,
Is sciob a hata id láimh leat ‘s gheobhair raca bréa mo chinn.

Do stadas fhéin feadh neomat ag éisteacht leo do bhíos
Cois leathaobh claí na teorann ‘s mo raca im phóca thíos
Do thugas fia na feola, cé gur cráite a bhíos mo chroí
Is gur mhaith an saol fadó é sara dtáinig an spórt chun cinn.

Ba mhaith an fear sa bhFómhar mé don té bheadh gnó aige dhíom
Dhéanfainn cruach nó stáca is thógfainn bearna claí
Do threabhfainn iomaire bhán dhuit ‘s chraithfinn an gráin den síol
‘S chaithfinn súiste thar mo láimh dheis, dá bhfaighinnse mo shásamh díol.