Táilliúr Chroí Mhóir – Sean Nós 2015

Táilliúr Chroí Mhóir

Tá táilliúr chroí mhóir ar an taobh seo ‘Shliabh gCua agus déanann sé mórchuid éadaigh.
Agus dh’éalaigh sé uainne le scaoinse mnaoi rua a raibh bobs ina cluasa agus péarlaí
Tá ceo daingean buan ar a intinn anuas agus beidh go lá ‘Luain is baol liom
Mar a dtaga go luath agus a thabhairt di siúd fuath mar is dealbh í a chuaird in Éirinn.

A Shéamuis na páirte ó chasais id’ shláinte cuirimid fáilte agus céad romhat.
Go Buíchnoc na sárfhear ba mhinic tú ag gáire agus ainnir chiúin mhodhail taobh leat.
Níl aon bhean tábhairne dá bhfuil ar an áit nár dhíolais an táille léithe.
Seasaigh an tráill is nach a maith í do cháil is cuir do bheannacht go brách le Mary.

A Shéamuis Uí Chaorainn nach dubhach dealbh an scéal é tú bheith ag imeacht id’ réic thar teorainn.
Go dtí’n mBreatain má their ó meathfaidh do cheird is imeoir id’ réic gan feoirling.
Tiocfaidh an t-éad ar an bhfear eile id’ thaobh agus cuirfidh den saol thú is dóigh liom.
Is ní bheidh Aifreann Dé ó le d’ainm dá léamh is nár b’fhearr a bheith in Éirinn ba dhóigh liom.

A bhuachaillí a Bhuíchnoic más imeacht is cuí dhom cuirigí bhúr míle slán liom.
Nach minic a shuínnse seal in bhúr dtimpeall, bhíodh caithis is meidhir orm ag gáire.
Ní fheiceoidh sibh choíche mise sa tír seo raghaidh mé anonn den stáir úd.
Ó leanfad mo mhaoin a dtugas taitneamh dá gnaoi is ins an mBreathnaisc a bheidh mo luí agus m’árus.