An Sagairtín – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Téamaí

An Sagairtín

Tiocfaidh an Samhradh ’gus fásfaidh féar
Tiocfaidh duilliúr glas ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
‘Gus casfaidh sí ceol binn le cumha mo dhiaidh.

Tá an oíche seo dorcha ‘gus tá sí fuar,
‘Gus tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua
Mo stór a d’imigh uaim ‘s nach bhfuil le fáil,
‘S a bhéas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

‘S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
‘S nach beannaithe an pobal a théann sé thríd
Tá branda ó Mhuire air is séala ó Chríost,
‘S tá sé a triall ar na coláistí.

Ó éist a chailín deas is ná caoin deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.

Chuaigh mé aréir ag an doras úd thall
‘Gus ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá
Séard a dúirt a hathair liom nach raibh sí ann
Mar go raibh sí imithe go Meiriceá.

Dúirt a máthairín liom is í ag gol go hard
Go raibh sí curtha i gcónra chláir
A Dhia ‘s a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.

Dhá mbeadh mo mháithrín ar nós bean tí
Chóireodh sí leaba dhom i gceann an tí,
Bheadh cead agam imeacht is a thíocht arís
‘S a ghoil ar cuairt ag stór mo chroí.

Sé an trua gan mise is mo mhuirnín bán
Ar bhord na loinge ag tíocht anall
An ghaoth bheith aneas is an taoille ag trá
‘S gan fhios ag aon neach go raibh muid ann.