Casadh an tSúgáin – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Téamaí

Casadh an tSúgáin

‘Sé sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus caint
Ach luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Nó go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh ‘gus ó dheas
Ach go deo deo is liomsa póg ó mo mhian.

‘S thíos i Sligeach sea chuir mé eolas ar na mná,
Is thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Ach de bhrí mo mhaide mara ligfidh siad dhomsa thar mar atá,
Go ndéanfaidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

‘S cé’n cat mara a chas an bealach seo mé fhéin?
’S a liachtaí cailín deas ins an mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid, is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé,
Ó sean bhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.

’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas mar a phógfaí a bhéal
Ach an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a ruaigfí é
Is tá iníon na caillí, brataí, pósta ó inné
‘S mo ghrá-sa mbaile is gan duine aici a phógadh a béal.

Is dhá mba mil í an raithneach, nach deas mar shiúlfaidh í le mná
Mar níl sí leath chomh dona is a bhíonns siad a rá
‘S nach iomaí buachaill cliste a d’ól leo a sháith
Ach gur imríodar an cluiche orthu ag bogadh an tsúisín geal bán.

Is b’ait liomsa bean a d’fhanfadh bliain lena grá
Is b’ait liomsa bean a d’fhanfadh bliain eile mar atá
Ach níor mhaith liom an bhean a bheadh liomsa ‘s leatsa arís ar ball
‘Sí mo ghrása an bhean a d’fhanfadh ar aon staid amháin.

‘S rinne mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an darna cleas ins an teach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith bheith ag fadú le mo scéal.
Chuir an tseanbhean amach mé a casadh an tsúgáinín féir.