An Tiarna Randal

An Tiarna Randal

Cá raibh tú ó mhaidin, a dheartháirín-ó?
‘S cá raibh tú ó mhaidin, a phlúr na bhfear óg?
Bhí mé ag iascach ‘gus ag foghlaeireacht, cóirigh mo leaba dhom
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a d’ith tú ar do dhinnéir, a dheartháirín-ó?
‘S céard a d’ith tú ar do dhinnéir, a phlúr na bhfear óg?
Óra eascann a raibh cor inte, nimh fuinte ‘gus é brúite uirthi.
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do dheaide, a dheartháirín-ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheaide a phlúr na bhfear óg?
Óra eochair mo stábla aige, sin ‘gus mo láir aige.
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do dheartháir, a dheartháirín-ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheartháir, a phlúr na bhfear óg?
Óra eochair mo thrunca aige, sin agus míle punt aige
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do chleamhnaí, a dheartháirín-ó?
Céard a fhágfas tú ag do chleamhnaí, a phlúr na bhfear óg?
Fuacht fada ‘gus seachrán agus oíche ar gach bothán
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do mháthair, a dheartháirín-ó?
‘S céard a fhágfas tú ag do mháthair, a phlúr na bhfear óg?
Dhá bhfágfainn an saol broghach aici, d’fhágfainn croí cráite aice.
Tá mé tinn fó mo chroí, agus ligí dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta, a dheartháirín-ó?
Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta, a phlúr na bhfear óg?
Óra Ifreann mar dhúiche aici, is na Flaithis a bheith dúinte uirthi.
Tá mé tinn fó mo chroí, agus beidh go deo deo.