Mainistir na Búille – Mná faoi 35bl 2015

Mainistir na Búille – Mná faoi 35bl 2015

‘Gus chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Búille
Ar mo luí dhom ar mo leaba, ní mo chodladh ach i mo dhúiseacht,
Ag súil leat chuile leathuair go dtabharfá an sagart faoi rún leat,
Óra, bhí tú do mo mhealladh nó gur chaill mé mo chliú leat.

Chuaigh mo mhuintir go Baile an Róba ag fáil mo chónra á déanamh
Is chuaigh an chuid eile acu go Coillte Eochaill i baint mo chróchair de bharr géaga,
Is tá súil le Rí na Glóire agam go bhfuileadar uilig bréagach,
Is go mbeidh mise ‘gus mo stóirín seal i goil lena chéile.

Mar bhláth bán in san ngáirdín a bhíonn mo ghrá-sa i dtús an tsamhraidh,
Nó na faoileáiníní bána a bhíonn ag snámh ar Loch Éirne,
Nó mar loingis os cionn an tsáile a bhfuil an dealramh ag goil timpeall,
Óra sin mar a bhíonn mo ghrá bocht ag teacht ag rámhailtí i m’intinn.

Nach aoibhinn don chábán a dtéann mo ghrása ag ól ann,
Is nach aoibhinn don chosán a leagann sé a bhróig air,
Is nach aoibhinn don chailín óg deas a gheobhas é le pósadh
Réalt eolais na maidne is crann soilse an tráthnóna.

Nár ba fada nó go bhfágha mé uait litir ‘gus scéala,
Is nár ba fada nó go bhfaighidh mé le n-oscailt ‘gus le léamh í,
Is nár ba fada nó go bhfeice mé an sagart ina léine,
Ór buí inár bpócaí is muide pósta ar a chéile.