An Buachaillín Sásta Súch – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

An Buachaillín Sásta Súch

Chaitheas seal dom shaol ag mo ghaolta go sámh
Gan uireaspa bí ná éadaigh, ach mé ag tuilleamh clú is dá fháil
Bhí báigh ag Gaill is ag Gaeil díom, ach mheallais thar an mbarr go léir mé
Tá máistir maith ina dhiaidh ort, Rí ghléghil gheal na nGrást.

Sé mo léan nár chuas go Sasana mar a thaibhríos dul is mé óg
Nó anonn go léir thar farraige mar a chuaigh mo charaid romham
Ach anois ó ghráis mé m’aigne agus dheineas féin dual thar bearta dhíot
Iad go léir do chasadh liom agus mé síor shilleadh deor.

A ógánaí na ndilginis ná mé bí choíche lem’ shórt
Mar mheallais go luath óm’ mhuintir mé le aoibhneas do phóg.
Is duitse fhéin is náireach, mura b’fhillir arís ó bhfán chugam
Mar gur dtugis feasta don ardmhac nach fágfá mé faoi bhrón.

Is cailín socair suairc mé go mbeadh éifeacht lena gnó
Agus níor dhearnas beart ar a dtuathal nó gur casadh tusa im’ threo
Ach anois ó chuiris suas díom, thugais droim do láimh ró mhór díom
Sé mo chumha má théim in uaigh leat is daor ort é mo bhrón.

Mar chuirfinn slacht ar ghnó dhuit le mórtas ó mo láimh.
Ar dhubh na ndubh ar clóicín nuair a stocaim chúil gan cháim
Is dá mbuaileadh smúit nó bróin thú, is fíor go ndéanfainn óg tú
Is dá mba mhaith leat mé do phósadh bheadh an Rí ghlórmhar inár lár.

Cuimhnigh ar an saol seo, is ar aon Mhac Dé na ngrást.
Sé ceann an chineadh daonna é a shaorann sinne gach lá
Cuimhnigh ar Dhia ghlégil, is ná tabhair an leabhar in éitheach
Mar tá an bás ós comhair gach éinne agus éagfaidh tú mar chách.

Tiocfaidh an bás ar cuairt chugat leath h-uairín bheag roimh lá.
Bainfidh cuntas crua díot faoin ar ndeinis riamh ar chách
Beir ansiúd go huaigneach is an bráithlín bhán anuas ort
Is nár bhreá í aithrí an uair sin dá bhfhéidir í a fháil.