An Goirtín Eornan – Sean nós na bhFear 2017

An Goirtín Eornan

Is buachaillín fíor-óg mé, is go bhfóire orm Rí na ngrást
Chaitheas seal le cailín óg deas i dtigh an ósta le comhrá gearr,
Ní raibh hata uirthi ná clóca ná búclaí buí déanta prás,
Ach téip i gcluais a bróigín, sí mo stóirín í go bhfaighe-sa bás.

Agus móra dhuitse, a éinín, a bhíonn ag léimreach ó chrann go crann,
Dá neosfainn brí mo scéil dhuit ach is baolach ná déanfá rún,
Beir litir uaim faoi shéala go cúl chraobhach na ndrisleán fionn,
Go bhfuil mo chroí dá chéasadh is nach féidir liomsa codladh ciúin.

Ní dod’ ghoirtín eornan, mo chéad shearc, do thugas grá,
Ná do do chúpla cóirthín den ór buí dá mbeidís lán,
Do do chapaill ná do do bhólacht go deo deo ní dhéanfainn tocht
Ach blas do chúpla póigín, mar is dóigh liom gurbh iad a b’fhearr.

Beir litir uaim Dé Domhnaigh ‘gus tabharthas do rúin mo chléibh
Ar eagla í bheith meallta ag an óg fhear ó bharra a’ tslé;
Níl aon tsagart ins an deoise do phósadh í le m’mhalairt féin
Ná baineadh dó a chóta, is gur dhóigh liom gur mhaith an scéal.

Is a landlady an tábhairne tá an bás ag dul ‘m chroí ag an dtart
Líon aon cháirt amháin ó do láimh sara ngeobhair amach
Coiméad cuntas gearr ar an gclár agus déanfad díolaíocht leat
Seo anois do shláinte mo bhruinneall is mo chailín deas.

Ba mhaith liom buidéal fíona a bheith líonta agus puins ar bord
Ba mhaith liom málaí píoba ba bheith líonta le siollaí ceoil
Ba mhaith liom seal don oíche a thabhair sínte le bruinneall óg
Is níor ghrás iad óg ná críona mar a luífeadh le haghaidh tamall spóirt.

A chailín chlúiteach mhánla ‘sé mo chreach agus mo mhíle brón
Ná tugfá liom lá gréine ar thaobh cnoic, siar go Cam Dhineól?
Sheinnfinn ceolta breátha, is do rincfinn leat go pras ar bord
‘S a rúin mo chroí gan aon locht ná tréig anois do bhuachaill óg.

Tá gaoth aneas is tóirneach is tá mór-shruth leis an abhainn seo thíos
Sneachta de dhroim na ndóirse agus mórshioc dá mheascadh tríd,
Ní fhanann fuaim ag an londubh ná ceol binn na n-éan ar an gcraobh,
Ó chailleas-sa mo stóirín, ‘s sí do thógfadh an bhuairt do m’chroí.