An Spealadóir – Sean Nós na bhFear 2014

An Spealadóir

Le meán an fhómhair a chaitheamh dom
Ba mhór a dubhach mo scéal
Go breoite, cráite, atuirseach
Gan aon tsólás insa’ tsaol
Bhí mo pháircín féir gan gearradh uaim
De dheascaibh clann an Bhreacluain
Féar na gcomharsan treascartha
Dá chíoradh le gréin.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó bhruach Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
An faobhar a chuirfinnse ar maidin suas
‘Sheasódh dom go headartha
Agus is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.

Do héiríos fhéin im’ aigne
San oíche trím’ néal
Go raibh beirt fhear chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Fé na ndéin do chuiris mo theachtaire
Chun mo pháircín féir a ghearradh dhom
‘S sásta, grámhar, taitneamhach
A thánadar araon.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó bhruach Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Cuirfinn faobhar ar maidin suas
Sheasódh ar feadh na seachtaine
Agus is íseal deas mar a ghearrainse mo pháircín féir.

Anonn sa lae bhí speal acu
Le fáinne an lae
‘S do luíodar siúd go slachtmhar glan
Is iad ag baint an fhéir
Seala beag den eadartha
Bhí a lán den lá gan caitheamh fós
Bhí dóthain siúd di leagaithe
Is é bearrtha go cré.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
Agus crann ó bhruach Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Chuirfinn faobhar ar maidin suas
Sheasódh dom go headartha
Agus is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.

Nuair a gheobhaim amach ar maidin
Ag sábháilt an fhéir
Beidh píce agus raca againn i láimh gach n-aon
Leathim agus scaipim é agus tógaimid ó thalamh é
Agus beidh ina chocaí ceangailte le fáinne an lae.

Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
‘Gus crann ó bhruach Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Cuirfinn faobhar ar maidin suas
Sheasódh dom go headartha
Agus is íseal deas mar a ghearrfainnse mo pháircín féir.