Bean Dubh an Ghleanna – Corn Uí Riada 2017

Téamaí

Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar a’ sliabh, agus táim le seal ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachair,
Dá seoladh soir is siar ins gach áit dá ngabhann an ghrian
Nó go bhfilleann sí aniar um thráthnóna.
Nuair a fhéachaim fhéin anonn san áit ina mbíodh mo rún
Ritheann as mo dhá shúil sruth deora,
A Rí Ghil na gCumhacht go bhfóirir ar mo shórt
Mar ‘s sí an bhean dubh ón ngleann do bhreoigh mé.

Bean dubh an ghleanna, ó an bhean dubh do b’fhearra
Bean dubh ba dheise gáire.
A grua mar an eala is a píopa mar shneachta
‘S a com seang, singil, álainn.
Níl aon ógánach chailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh;
Ná as san go dtí Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is ag tarrac in áil donn a bheith deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Gheobhainnse bean sa Mhumhain,
Tríúr ban i Laighin, bean ón Rí gil Seoirse.
A iníon na lúba buí a fháiscfeadh mé lena croí,
Bean is dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla tá go tinn, dubhach, diacrach
Ag iarraidh mé d’fháil le pósadh.
Is dá bhfaighinnse fhéin mo rogha de mhná óga an domhain;
‘Sí an bhean dubh ón ngleann mo rogha-sa.

Siúd é thiar mo thigh is gan de dhíon air ach an scrath
Is é déanta ar leathtaobh an bhóthair
Is nach sean-chríonna a bhíonn an bheach
Ach deineann sí ann a nead le grian ‘s le teas an Fhómhair.
Nuair a chríoníonn an tslat ní fhanann uirthi aon mheas
Ach ag tnúth leis an duilleoigín is óige
A chailín phlúr dheas a d’imigh uaim go pras
Mo chúig chéad slán go deo leat.