Beannacht ó Rí na hAoine – Sean nós na bhFear 2015

Beir beannacht ó Rí na hAoine go dtí an oileáinín ina bhfuilim ann
Mar b’fhearr liom lá is oíche ann ná bliain ar an mbaile úd thall
Mar gurbh ann a bhíodh an ríl againn, ceol píopa ‘gus leann ar chlár
Lán den gcorn bhuí úd, a bhíodh á líonadh de’n mbranda ab fhearr.

Éireod-sa amárach gan spleáchas le cúnamh Dé
Mar ná fanfainn in san áit seo go brách brách ar feadh mo shaoil
Mar gurbh é do chomhrá tláth lag, do chráig agus do mharaibh mé
Ó is a Dhia, nach olc an bás atá in ann domhsa má scaraim léi.

Ar choinnleach ghlas an Fhómhair bhuí, mo dhiaidh a stóirín, ‘sea do dhearcas dom
Ba dheas do chois i mbróigín, is ba ró-dheas do leagfá an tsúil
Do ghruaig ar dhath an óir-bhuí is na córdaí go fite i lúib
Nach trua nach lánúin phósta sinne, ar bhord loinge is sinne ag dul anonn.

Thíos ar ché Phort Láirge, tá an t-árthach ann is í brath le comhair
Chun sinne do thabhairt thar sáile, is go brách, brách ní fhillfead-sa
Beidh mo mhuintir is beidh mo chairde, go brách brách ag gol im’ dheoin
Ach anois ó chuas thar sáile, céad slán ag a Clanna nGael.