Beauty Deas an Oileáin – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Beauty Deas an Oileáin

Ar gcualabhair cuntas ar Bheauty deas an Oileáin,
Do tháinig sí chugainn go cúmtha ó Bhaile ‘n Chaisleáin,
Do tharraing sí cliú le criú mhaith fhear ar an dtráig,
Is go ndeirim gan chumha gur le lúth sea do thógadh sí an rás.

Do tháinig na Brútaigh chugainn i d’aistear thar Mám,
‘S do dheineadar criú, is iad siúd do priocadh as gach áit,
Nuair a chuadar sa tsiúl i gcúrsa fada na trá,
Ba chosúil le búgail an mhúchadh bhí ag fhoireann na mbád.

Nuair a chonacsa chugam mo Bheauty is i teacht orm ón áth,
Is iad ag iomar’ go gleoite i gcomhtharrac lena dhá láimh,
Níor bhogas mo shúil don gcriú ná go bhfaighidís an lá,
Mar do bhí fear ins an oinsigh ag cúl fad a bhí an triúr eile ag sáthadh.

Ní ar log na nGeann sea do deineadh sinne a thraenáil,
Ná ar na hoileánaibh rua atá thuaidh fé bhun Imileá,
Ach ar fharraigí fiaine go dtéann dos na lachain a shnámh,
Is nár mhagúil é a dtuairim, go mbuafaidís orainne an lá.

D’fhágadar fúmsa mo Bheauty do chur insan ngréin,
Geallaim don saol go léir ach go ndéanfadsa é.
Dhúblódh sí siúl le colúr do sceitheadh ón bpiléar,
Is mar bharr ar a dúirt a criú sea do thabharfadh sí saor.

Mo chreach is mo chás is nár ránas sa Daingean led linn
Do chroithinn do láimh le grá ‘gus le omós óm’ chroí
Do bheadh cuileachta ghrámhar thar barr ag family a’ tí.
Is ní thriomódh an clár nó go dtráfaimis barraille dí.

(Chuadar ag ól!!)