Beauty Deas an Oileáin – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

Beauty Deas an Oileáin

Ar gcualabhair cuntas ar Bheauty deas an Oileáin,
Do tháinig sí chugham go cúmtha ó Bhaile ‘n Chaisleáin,
Do thairg sí cliú le criú mhaith fhear ar an dtráig,
Agus deirim gan cumha gur le lúth sea do thógadh sí an rás.

Do tháinig na Brútaigh chughainn i d’aistear thar Mám,
Agus dheineadar criú, is iad siúd do phriocadh as gach áit,
Nuair a chuadar sa tsiúl i gcúrsa fada na trá,
Ba chosúil le búgail an mhúchadh bhí ag fhoireann na mbád.

Nuair a chonacsa chugham mo Bheauty is í teacht orm ón áth,
Is iad ag iomar’ go gleoite i gcomhtharrac lena dhá láimh,
Níor bhogas mo shúil don gcriú ná go bhfaighidís an lá,
Mar do bhí fear ins an oinsigh ag cúl faid a bhí an triúr eile ag sáthadh.

Ní ar Log na nGeann sea do deineadh sinne a thraenáil,
Ach ar na hoileánaibh rua atá thuaidh fé bhun Imileá,
Tá siad dá rá gurb é siúd toradh na saor
Mo charaid do lámh dheis, ‘sí sás í is í ag déanamh na naomh.

D’ fhágadar fúmsa mo Bheauty do chur insan ngréin,
Geallaim don saol go léir ach go ndéanfadsa é.
Dhúblódh sí siúl le colúr do sceitheadh ón bpiléar,
Is mar bharr ar a dúirt a criú sea do thabharfadh sí saor.

A Hairtín an ghrinn ó guím ort go minic sa ló,
Gura fada go dté do ghéaga geala fén bhfód,
Dá ngeobhfá chun mo thí-se, bhéarfainn im duit, bainne, agus feoil,
Is le caitheamh tréis bídh, gheobhfá fíon daor dearg le n-ól.

(Chuadar ag ól!!)