Cailín na Gruaige Doinne – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

Ar bhántaibh an tSróil ‘sea dh’fhágas-sa mo stór.
Is a máithrín ag gleo gan dabht léi:
I dtaobh a grá a thabhairt dom shórtsa d’fhánaí gan treoir,
‘S gan cairn buí óir i gcabhair liom.
Sí an bháb mhíochair beoil chuir a bláth ar mo sceol,
Ba pháiste bhí óg gan dabht í,
‘S nach ró bhreá mo shórt ag geáitseáil ar bord,
Le cailín na gruaige doinne.

Is fán-lag a bhím idir An Daingean is Trá Lí,
I ngaorthaibh go dtagann an Samhradh.
Agus glór loin go síoch, i mbarr bile crainn,
A ráiteachas fíor do mheall mé.
A Dhia ghlé gil a chíonn tréanmhuir is tír,
Nár ligir i gcill go fann mé,
Ach an péarla ‘tá ‘m chroí go ligir i mo líon,
Sí cailín na gruaige doinne.

Ba bhreáithe í ar a gnaoi ná Bhénus is an fhlíos
Thug Jason ar loing anall leis
Is ná Deirdre do bhí ag Naois mar chéile ach faraor
Le na claon-gheasa draíocht’, a mheall é.
Is ná Diana an ghrinn ar réidheas gach slí
Spéir bhean nár claíodh i dteannta
‘S ná Helen do mhill na céadta sa Traoi
Sí cailín na gruaige doinne.

Is tréith lag a bhím gan éinne dem bhuíon
A dhéanamh aon tsuim sa domhan díom
‘S is baolach dá ndroim go n-éagfad gan mhoill
Am éigin gan brí mo mheabhrach.
Rince go pras, aoibhneas ná cleas
Ní chuimhním le easpa meabhrach.
Ach mo chroí istigh dhá shlad le dian-díogras searc
Do chailín na gruaige doinne.

Neosfad mo stair dom mhuintir ar fad
Cé gur cloíte go lag gan mheabhair mé
Mé bheith ag feitheamh ‘is ag brath is ag tnúth le bheithí theacht
Am éigin nó maidin Domhnaigh.
Le saor-guth a gcinn léimid aníos
Na héisc ar linn ag leabhaireacht,
Is cé gur bhreáthacht mar bhí, ní shásódh mo chroí
Gan cailín na gruaige doinne.