An Spailpín Fánach – Sean Nós na bhFear 2015

Óra is spailpín aerach tréitheach mise ‘gus bígí a’ soláthar mná dhom,
Mar a chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Mar a chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Mo láimh ar an gcéacht i ndiaidh na gcapall is go réabfainnse na cnoic le fána.

Is mo chúig chéad slán le dúiche m’athar is go deo deo don oileán grámhar,
‘S don scata fear óg atá i mo dhiaidh ag a baile nár chlis orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite ‘s tógfar Gaillimh beidh lasair againn ar thinte cnámha.
Beidh fíon agus beoir ar an mbord ag m’athair sin cabhair ag an spailpín fánach.

‘S an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise ó bhí mé go súgach sásta,
‘S an dara lá dár liostáil mise ó bhí mé go buartha cráite.
Ach an tríú lá dár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar fhágáil,
Ach dá dtugainn sin agus an oiread eile ní raibh mo phas le fáil a’am.

‘Gus bhí mise lá breá ar mhargadh i gCill Chainnigh agus tháinig sé go trom ag báisteach,
’Gus tharraing mé isteach is chuir mo chúl le balla is thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Nár ghlaoigh isteach orm bean a’ leanna ag súil le tairbhe mo láigh
’S dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

‘Gus bhí mise lá breá thíos i nGaillimh bhí an abhainn ag goil le fána,
Bhí an breac’s an eascann ’s an beairtín slat ann ’s a chuile ní dá bhreácha
Ó bhí mná óga ann múinte tógtha siad a bhí go tanaí tláth-dheas
Ach dheamhan bean óg dá shuífinnse léi nach gcuirfinn-se an dubh ar a’ mbán di.

‘Gus b’fhaide liomsa lá ’bheinn i dteach gan carad ná bliain mhór fhada is ráithe.
Mar is buachaillín aerach mé súgach meanmnach a shásódh an bhruinneall mhánla.
Is an dhá bhean déag a bhí ag éad ’s ag iomaí liom a’ súil le tairbhe mo láigh!
Is gurbh é paidir na caillí nuair a théinn thar an tairseach:
“Now behave yourself a spailpín fánach!”