Coinleach Glas an Fhómhair – Comórtas na bhFear 2014

Téamaí

Coinleach Glas an Fhómhair

Nach ar choinleach glas an fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Is nár mba deas thú i do sheasamh i mbróigín is nár mo ró-dheas é do leagan súl,
Bhí do ghrua ba deirge ná an rósa is do chúilín bhí sé fite dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta nó ar bhord loinge ag dul anonn.

‘Gus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí
Is nach deas mar a chasfainn ceol di chuile oíche Domhnaigh is mé ag tuar na lín,
Mar bhí a com ba gile is míne ná síoda is ná clumhach na n-éan
Is nach trom an osna a dhéanaim nuair a smaoiním ar mo mhúirnín féin.

Muise, a Mháire a dtug mé grá dhuit, sé an truaigh gan mé agus tú
Ar oileáinín Chruach Phádraig san áit nach snámhann an bád ná long,
Mar chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm.

Is nár cheannaigh mé buidéal réice dom féin is go mo mhíle stór
Le beannachtaí a chur léithe, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach deoir ní dheachaigh thar a béal de is nár mhéadaigh sin m’osna go mór,
Ach, a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhsa, a stór, ní bheidh mé beo.

Is nár bhfuair mé litir scríofa ó mo mhian agus casaoid crua,
Is nár chuir mé chuici arís í, is mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nár léigh mé í go cúramach ‘gus na deora ag sileadh le mo ghrua,
Ach a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhsa, a stór, ní bheidh mé beo.

Is nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear ag lua ná ag rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh díom a bhfuil mo ghrá.
Mar sí cuaichín ar bharr na gcraobh í, sí péarla an bhrollaigh bháin
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í go bhfaighidh mé bás