An Abhainn Mhór – Corn Uí Riada 2019

An Abhainn Mhór

Tá mo mháithrín go tréan-lag ’s tá sí ina haonraic ar Chaladh na mBád,
Bíonn sí ag osnaíl agus ag éagaoin chuile oíche Domhnaigh go mbíonn sé ina lá,
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde agus tá leac ar a cheann,
Tá a mac ’na cheann siamsa ar fud na tíre agus jug ina láimh.

’S nach bhfuil grá do dháréag ‘am ’s tá siad go haonraic ar aon tsloinne amháin,
Ach tá bean óg ar an méid sin is ní fhéadaim a hainm a rá,
Go n-athraigh Loch Éirne nó go dtréigfidh an eala an clúmh bán,
Ach ní inseoidh mé go héag díbh cén réasún lena dtug mé di grá.

Is nach bhfuil grá go chailín óg ‘am ’s deir go leor liom nach mairfidh sé mí,
Nuair a théimse go teach an ósta, níl spóirt ann is deise ná í,
Tá a grua mar an rósa is tá sé ag doirteadh na meala ar gach taobh,
’S an té a bhlaisfeadh dhá póigín ‘s é mo thuairim go mbeadh fad ar a shaol.

Chúns a bheas mé beo in Éirinn ní dhéanfaidh mé ciste ná stór,
Chúns a bheas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé comhluadar óg,
Chúns a bheas mé beo in Éirinn nach bpléascfaidh mé an jug ar an mbord,
Le do shláinte-sa, a mhíle stóirín, is sé mo thrua géar nach liom do dhá bhó.

Dar mo mhionna ‘gus mo mhóide is dar an leabhar mór a bhfuil mé ag goil thríd,
I gcomhluadar ban óg go deo deo ní ghabhfaidh mise aríst,
Mar is leo a chaith mé mo bhróga ó thús m’óige go dtí deireadh mo shaol,
Nár fhágadar mo sheó mé ag cur tuairisc air cé gcodlóinn an oíche.

Ach marach mo óige ‘gus mo dhícéille nach lách éasca mar a chaithfainn-se mo shaol
Nuair a chuaigh mé thar sáile le Máire ar uair an mheán oíche.
Agus bhuail mé faoi na Búrcaigh dream a diúltaíodh as flaithis na naomh
Nár fhágadar faoi bhrón mé is tá ag gabháil orm amach go Trá Lí.

Nach bhfuil mo chóta mór stróicthe ó mo ghlúine is tá sé ag sileadh liom síos,
Is an té a chuirfeadh caoi ‘gus cóir air, céad faraor tá sé i bhfad ó mo shlinn,
An táilliúrín glan cóir ar an Aird Mhóir mar atá Tomáisín Bán,
Is nach gcuirfeadh sé píosa air is green velvet aniar thrína lár.

Mo mhíle slán leat, Abhainn Mhóir bhocht ‘s é mo thrua géar gan mé anocht le do thaobh.
Mar is iomaí sin bóithrín caol uaigneach atá goil idir mé agus tú,
Is ann a bhíodh an spóirt againn chuile oíche Domhnaigh ag cur gaisce ina shuí.
‘S nach mbíodh an jug ar an mbord ann ‘s mo stóirín fial fairsing dhá roinnt.