Coinleach Glas an Fhómhair – Corn Uí Riada 2018

Coinleach Glas an Fhómhair

Nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
‘S nár ba dheas thú i do sheasamh i mbróigín nár ba ró dheas hdo leagan súl,
Bhí do ghrua ba deirge ná an rósa is do chúilín bhí sé fite dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta nó ar bhord loinge ag goil anonn.

Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí
Is nach deas mar a chasfainn ceol di chuile oíche Domhnaigh is mé ag tuar na lín,
Mar bhí a com ba gile is míne ná síoda is ná clumhach na n-éan
‘S nach trom an osna a dhéanaim nuair a smaoiním ar mo mhuirnín fhéin.

A muise, a Mháire a dtug mé grá dhuit, mo chrá géar gan mé ‘gus tú
Ar oileáinín rún Phádraig san áit nach snámhann ann bád ná long,
Mar chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin,
Ar súil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú go mhagadh fúm.

Agus cheannaigh mé buidéal réice dhom fhéin is do mo mhíle stór
Le beannachtaí a chur léithe, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach deor ní dheachaigh thar a béal de is nár mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
Ach a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhsa, a stór, ní bheidh mé beo.

‘S nár bhfuair mé litir scríofa ó mo mhian agus casaoid crua,
Is nár chuir mé chuici aríst í, is mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nár léigh mé í go cúramach ‘gus na deora ag sileadh le mo ghrua,
Ach a thiarnáin ban Éireann, i do dhiaidhsa, a stór, ní bheidh mé beo.

Is nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear ag lua ná ag rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh díom a bhfuil mo grá
Mar sí cuaichín ar bharr na gcraobh í, sí péarla an bhrollaigh bháin
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í go bhfaighe mé bás.