Bean an Fhir Rua – Sean Nós na bhFear 2013

Amhránaí

Bean an Fhir Rua

Ó is táilliúr óg aerach mé ag déanamh éadaigh i dtigh an fhir rua
Nó go dtug mo chroí spéis do na béilín meala gan ghruaim.
Agus thug mo chroí spéis do na béilín a ba bhinne ná an chuach
Is a charaid mo chléibh, dá n-éalófá liom ón fhear rua.

Nuair a théim suas ar cuairt go Contae na Mí
Agus cluinim an fear rua á lua le rúnsearc mo chroí,
Is nuair a chluinim, ní fhaighim suaimhneas ná néal de chodladh na hoích’
Gurb í bean an fhir rua rinne gual domh in aice mo chroí.

Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí,
Is nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí.
Ní cheilimse ar éinne é goidé an fáth a bhfuil ormsa gruaim
Ainneoin Eaglais is Párrthas, sí grá mo chroí bean an fhir rua.

A bhruinneall gan smál, a bhfuil na dealraitheacha deasa in do ghrua,
An fios a domh a fhiafraigh cad é a chloífeadh aigne an fhir rua?
Ní iarrfainn-se aon spás ar an Ardrí atá i bhFlaithis na naomh
Ach an aon amharc amháin a fháil ar ghrá geal mo chroí.

Dá gcuirfí mé síos i bpríosún dhubhdhorcha chrua,
Na boltaí ar mo chaolchorp is na mílte glas ó sin suas,
Arú d’éireochainn dhe rúchladh mar a d’éireochadh an eala ón chuan
Ar ais ar suí seal oíche le Bean an Fhir Rua.