Loch Aodh- Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Loch Aodh

Seanfhocal a chuala mé
Is a chreidfeas mé i gcónaí
Gach aon ariamh mar oiltear é
Is an fhuiseog ins a’ mhónaidh
Cé bith tír ina rachaidh mé ann
Nó a mbeidh mé i mo chónaí
Beidh mo chroí istigh ag bhruach Loch Aoidh
I lár na sléibhte móra.

Tá dhá oileán ar an loch bheag seo
Chomh deas is tá in Éirinn
Bídh an lach’s an ghé ‘gus nead acu
Faoi thom-bhláth ghorm fraochlaigh;
Go mb’fhearr liom bheith ag iascaireacht
Breac geal uirthi sa’ tséasúr
Nó bheith i gcaisleán thall i Sasain
Ag na huaisle uilig ar féasta.

Ó’n chnoc ard glas taobh thall den loch
Tá’n t-amharc aoibhinn álainn
Na loingeas ag teacht thar farraige
Ó Dhoire isteach go Málainn
Ag siúl ansin a b’aite liom
Ó mhaidin go dtí an oíche
Is nach smaointeochá ar aon pheaca
Leis na huain bheag óg ag éigmheil.

Ar an taobh abhus tá an miodúin glas
Ón uisce go dtí an bóthar,
Tá fás gach uile seoirt ansin
Is tithe deasa cónaí;
Seineann an chuach i dtús an tSamhraidh ann
Ó mhaidin go tráthnóna,
Tá an eala ‘gus an fhaoile ann
An londubh is an chorr mhónadh.

Is iomaí maidin Shamhraidh ann
A d’éirigh mé i m’óige
Ag éisteacht leis na héanacha
Ag déanamh a gcuid ceoil-binn
Is iad ag goil ó thom go tom
Ag éiteallaigh go ceolmhar
‘S a nguth lán-binn fá dhuilleabhar
Is fá ghéagaibh chrannaí óga.

Is iomaí lá breá fada ansin
A chaith mé ar bheagán buartha
Is iomaí lá breá fada ansin
A chaith mé ag déanamh uabhair
Ag seoladh na mbó breac amach
Fríd ghleanntáin deas na luachra
I ndiaidh a bheith san loch ó theas
Na gréine ag iarraidh fuarú.

Sin an áit ar oil mo mhuintir mé
Nuair a bhí mé tréith-lag baoideach
Sin an áit ar cuireadh a chodladh mé
Le ceoltaibh binne Gaedhilg
Seo an áit a mbím anois i bhfad
Ar shiúl ag déanamh uaignis
Is ag smaointiú ar mo bhunadh ‘tá
Na gcodladh ins an uaigh ghlais.