Tiocfaidh an Samhradh – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Tiocfaidh an Samhradh

Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar,
Tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh,
Tiocfaidh mo rúnsa le bánú an lae,
Agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaidh mo dhiaidh.

Is óg ‘s is óg a chuir mé dúil i ngreann,
Agus dhéanfainn súgradh le mo rún ar ball.
Níl baile cuain ar bith dá ngluaisfinn ann
Nach bhfaighinn maighdean óg dheas ar bhuidéal rum.

Arú spleoid ar an fharraige, mar sí atá mór,
‘Sí atá ag dul idir mé is mo mhíle stór;
D’fhág sí ar a’ bhaile seo mé ag déanamh bróin,
Is gan mé ag dúil lena feiceáil choich’ níos mó.

Tá ceathrar agus fiche acu ar an rank amháin,
Ach sí mo Mháire-sa an bhean acu is fearr;
Tá blas na meala uirthi agus boladh breá,
Ó sí an pabhsae álainn í atá doiligh a fháil.

Tá an oíche seo dorcha agus beidh go lá,
Le dhul ‘na muilinn a iarraidh mná,
‘Sé Mac Fhionnghaile a bhfuil aige a sháith
Dá bhfaighidh mé Máire Bhán faoi na lámh.

Cuirim-sa spleod ar do chumann gearr
I bhfad uaim thú áit a mhíle grá
Dá dtabharfá d’fhocal mar a bhí tú rá
Go mbeadh caisleán geal againn ar bhruach na trá.

Nach deas an cailín í stór mo chroí
Nach méanar don fhear óg a phósfas í
Tá séan ó Mhuire uirthi agus grá ó Chríost,
Ach mo mhallacht don athair a rinne sclábhaí di.

Is trua gan mise agus m’fhaoileann bhán,
San áit nárbh thagadh dúinn a choíche ‘n bás,
I gCúige Laighean ná i mBéal an Átha,
Nó ar bord loinge a’ triall go Meiriceá.

Scairt mé aréir ag an doras thall,
Scairt mé arís ar mo ghrá go teann,
‘Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann,
Nó gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar,
Shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath.
Shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain,
Ag iarraidh mo stóirín a bhain díom mo chiall.