An Frag – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An Frag

Aréir tháinig triúr isteach agam le titim cheo na hoíche,
‘Gus d’fhiafraíodar théis beannú dhóibh: ‘An bhfaca tú an bhean sí?
Mar siúd í a ruaig as baile muid ‘sa ghiorrós lena saol
‘S ní bheidh beo a bhfuil romhainn go maidin má thagann sí ‘un a’ tí.’

‘S níorbh fhada nó go gcuala muid an siúl isteach sa tsráid,
‘S a chomharsanaí na gcarad, nach muid a bhí sa ngábh,
Bhí claíomh faoina hascaill is fallaing ar a bráid,
‘S ar nós chuile ghaiscíoch bhí sciath chosanta ina láimh.

Beidh caint is cáil aríst go brách ar throid na hoíche aréir,
Mar níl aon áit abhus ná thall nach léifear ann an scéal,
Nár mhór i gceist Cath na bPunann nó an troid a bhí i mBearna an Dúin,
Ach níor thada é do na cearrbhachaí ag iarraidh an taisí a chur ar gcúl.

Chuaigh an troid ‘un cinn i dtús na hoíche is ceathrar a’inn a bhí ann,
Ar fud an tí ó thaobh go taobh, anonn agus anall.
Ag iarraidh í a chloí le spreac ná brí, ní raibh aon mhaith dhúinn ann,
Ach a bhfuil sa ríocht is bídís cruinn ní chuirfeadh í ar lár.

Níl fear ar bith dá bharrúlaí dár tógadh ariamh san áit,
A bhfaigheadh sí barróg faoi bharreasnachaí nach gcuirfeadh sí air breall;
Lena fiacla fada fuara stróic sí an ghruaig anuas dá gceann,
‘S níl iarraidh ar bith dá mbuaileadh sí nach dtéadh sí go dtí an chnámh.

Ach saol fada go bhfaighe an Flathartach, go brách ná raibh sé tinn,
Mar níl aon uair dá spreagainn é nach neartaíodh sé dhá dtrian;
An uair a bhínnse leagtha is an taisí as mo chionn
Gur le neart a lúth is a ghaisce, bhí sé in ann í a chur as greim.

Ach d’imigh sí mar a tháinig sí is d’fhág sí muide tinn,
Is an chuid againn nach bhfuil bacach d’fhág sí an arraing ina dhroim,
Ach tá mé cinnte dearfa is cér miste liom é a rá
Gurb é fear na maighdine mara é is é gléasta in éadach mná.