Baba ‘ac Con Rí – Ceiliúradh an Choirn 2012

Téamaí

Baba ‘ac Con Rí

Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Is nach é pota na leath-chloiche a chuireanns siad síos.

Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag caitheamh an chloth shawl
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag caitheamh an chloth shawl
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag caitheamh an chloth shawl
Ó tá Baba sin ‘ainne agus pluid ar a ceann!

Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Ó tá Baba sin ‘ainne is a méir ina béal!

Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Ó cuirfidh mé  cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Óra, seanphota gliomach agus rothaí a chur faoi!

Is a bhó mo leanbh a bhó mo lao
Ó bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Tá ciseoig mhór fhataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá ciseoig mhór fhataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá ciseoig mhór fhataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Agus Baba sin ‘ainne is í ataithe dhá n-ithe!

Is a bhó mo leanbh a bhó mo lao
Ó bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Ná dúisigh mo leanbh – is cé déarfadh nach í!

Is a bhó mo leanbh a bhó mo lao
Ó bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!