Máire Mhór – Corn Uí Riada 2010

Máire Mhór

Tá bean a’msa in Árainn Mhór agus bean eile in Inis Bearachain,
Ach mo ghrá í Máire Mhór  ‘s í an bhean is fearr ar fad acu.
‘Gus oró Mháire Mhór, is a Mháire Mhór a dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!

Is grá mo chroí mo stóirín, is tú nach ndéaradh tada liom.
Is tú chuirfeadh na fataí móra i dtaisce ar leic na teallaigh dhom.
‘Gus oró Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Mura dtiocfadh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!

‘S ní le faochain ná le báirnigh ná le bláth na scailliúin dhearga
Ar mheall mé Máire Mhór, ach le fuisce láidir Shasana!
Is oró Mháire Mhór, is a Mháire Mhór a dtiocfaidh tú?
Mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!

‘S dá bhfeicfeá Máire Mhór ‘s í ‘goil thríd sráideanna na Gaillimhe,
Bhí a tóin in aghaidh na gréine is a bolg in aghaidh na farraige.
Is oró Mháire Mhór, is a Mháire Mhór a dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!
          
‘Gus grá mo chroí mo stóirín mar is tú nach ndéarfaidh tada liom
Is tú a chuirfeadh na fataí móra i dtaisce ar léic na teallaigh dhom
‘Gus óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!

Tá an ghealach ar an spéir ‘gus na réaltaí ar an bhfarraige
Is nach bhfuil úth na mba ag pléascadh leis an méid a bhfuil de bhainne iontu
‘Gus óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú!

Ó éirigh suas, a Mháire ‘gus tabhair do chárt ‘gus do galún leat,
Óra bligh do bhó go láidir is nach dtálfaidh sí neart bainne dhuit
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú
‘Gus óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Is mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear ins sa gcladach thú.