Máire Ní Thaidhg Eoin – Corn Uí Riada 2012

Téamaí

Máire Ní Thaidhg Eoin

Agus éirigh in do shuí suas, a bhuachaillín óg,
Agus tabhair leat an pónaí is fearr leat ó thús,
Ach téirigh ‘un an chóra agus aithris do bhrón,
‘Gus tabhair leat abhaile, sí Máire Ní Taidhg Óig.

Is a Mháire, is tú a deirim, is tú grá geal mo chroí,
Is tú an phlandóg is deise ‘gus áille fán saol,
Dheamhan lúibín claí ná toime nár shiúil mé in do dhiaidh,
Ar súil is go dtabharfá tuineadh dhom, ‘séard dhiúltaigh tú mé.

‘Gus nuair a éiríonns Máire go hard ins an sliabh,
‘S mar a íslíonns an ghealach ‘sé a ardaíonns an ghrian,
Tá ceo aoibhinn meala goil roimpi is ina diaidh,
‘S tá ullaí cumhra ar chranna ann ‘gus iad ag claonadh le cumha.

‘S ní mhór dhom le bean eile ór dhá mhíle punt,
Barr sléibhe de loilíochaí agus iad a bheith i bhféar,
Tréad álainn de chapall agus tíobhais dá léir,
Ach sí Máire mo roghasa agus faighim í gan spré.

‘S nach é an trua ghéar gan mise is an bhean is fearr liom fán saol,
Ar mullach Ghleann na nEang nó i nGleann Ghlan Dé,
Mo dhá lámh a bheith fúithi is thart agam is mé ag pógadh a béal,
‘S an oíche a bheith chomh fada agam le aon tseachtain déag.