An Sceilpín Draighneach – Sean Nós na mBan 2019

Amhránaí

An Sceilpín Draighneach

Maidin chiúin dhár éiríos
Amach faoi bharraí coillte,
Cinnte caitheadh saighead liom
‘S mo leigheas ní raibh le fáil.
Nó gur dhearc mé an bhruinneall mheidhreach
Faoi bhruach na sceilpe draighne
Gheit mo chroí le meidhre
Dheoin ar éirigh liom í a fháil.

Tráthnóinín ag tíocht ón gceol dhom
Sé dhearc mé arís mo stóirín
Bhí a clóicín faoi na huachtar
A chlúdódh muid araon
Bhí a folt ar dhath an óirbhuí
Chuireadh slacht ar mhná Chríoch Fódhla
‘S mara bhfaighe mé í le pósadh
Sé mo lóistín seal i gcill.

Sé an truaigh gan mé i mo smóilín,
‘Gus leanfainn thríd an gceo í
Bheinn ag seinm cheol dhi
Go n-éireodh an lá bán.
Dá bhfaighinnse sean bhean chríona
A mbeadh bó aici nó caoire
Thiomáinn chun an aonaigh í
Le go mbainfinn aisti greann.

Muise a stóirín, ó ná tréig mé
Mar gheall ar bha ná ar chaoire
Ná i ngiorracht a bheidís ag éalú uainn
In imeacht bliain nó dhó,
Dhá mo liomsa dúiche an féarach
Ba thú mo rún dá b’fhéadfainn é
‘S gur in aois mo dhá bhliain déag dhom
A chuir mé eolas ort ar dtús.

Muise a stóirín tabhair do láimh dhom,
I ngan fhios go do mháithrín
Is aithris go do ghrá bán
Ins gach áit dhá bhfuil tú tinn
Tá do chúilín traillseach fáinneach
Is tá do bhéilín tanaí tláth deas
Is más fíor go bhfuil tú i ngrá liom
Cuir do láimhín tharam siar.

‘Gus rachaidh mé don Éigipt
Nó don oileánín lena thaobh sin
Nó go Meiriceá i dtús an tséasúr,
Le mo chéad shearc má bhím beo
‘Gus ar ais arís ní fhillfidh
Nó go labhróidh an chuach sa ngeimhreadh
Is go mbeidh caisleán Rinn Mhaoile
Déanta as an nua.