An Sceilpín Draighneach

Amhránaí

An Sceilpín Draighneach

‘Gus maidin chiúin dár éiríos amach faoi bharr na gcoillte,
Is ansiúd sea buaileadh an saighead liom is mo leigheas ní raibh le fáil,
Mar gur dhearc mé an bhruinneall mheidhreach faoi bhruach na sceilpe draighne
Agus gheit mo chroí le meidhir aici ‘s dheamhain ar éirigh liom í a fháil.

‘S nach trua gan mé i mo smóilín, nach leanfainn thríd an ród thú
Mar gur tusa bláth na hóige a thógfadh suas mo chroí,
Mar go mbeinn ag seinm cheoil dhuit ó mhaidin go tráthnóna,
Is gur ceiliúr binn do ghlórtha a thug mé mórghean do mhnaoi.

Is buachaill mé atá aonraic, is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim,
Go siúlfaidh mé na réigiúin is as sin go dtír anonn
Ó Chorcaigh go Beann Éadair, is ó Bhaile Átha Cliath ina dhéidh sin,
Go droichead Baile an tSléibhe nó go Béal an Átha siar.

Agus rachaidh mé má fhéadaim go Meiriceá i dtús an tséasúir
In san áit nach mbeidh mo ghaolta ar aon taobh ná ag tíocht romham,
‘S ní fhillfidh mé ar ais go hÉirinn nó go labhraí an chuach sa ngeimhreadh
Is go mbeidh caisleán ag mo mhuintir, is é bheith déanta ar bhruach an chuain.

Amhráin eile le Róisín Chambers