Co Mhaigh Eo – Sean Nós na bhFear Oireachtas 2017

Co. Mhaigh Eo

Agus liostáil mé le sáirsint ag goil sráid a’ bhaile mhóir,
‘Gus chuir sé sin thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Chuir sé gine buí i ngach láimh liom agus raidhfil le mé ghardáil
Ach dúirt mé leis go mb’fhearr liom é ná a bheith in Éirinn go mór.

‘S ar an loing seo, a Pheaid Uí Loingsigh sea a déanann mé an brón
Ag osnaíl ins an oíche agus go síoraí gol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé a bheith i bhfad ó mo mhuintir,
Is dá mairfinn is deas a chaoinfí mé i gContae Mhaigh Eo.

Agus murach bás mo mháithrín óra bheinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins gach láimh liom ‘gus mé i gcomhluadar bean óg.
Ach ag síor-ól na gcártaí, agus an dlí a bheith ró-láidir
‘S ní Santa Cruz a d’fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.

‘Gus tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
‘S ní rachaidh mé dhá éileamh ann ó choíche ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaidh thiar orm agus go gcrochfaí mar gheall ar fhiacha mé
‘S go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go hiallachaí mo bhróig.

‘Gus a chomrádaí na dílse, ‘s tá mé cloíte go mór,
Is dheamhain a b’fhéadfainnse cur síos dhuit ar dhá thrian go mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas ‘gus a maireann go mo mhuintir,
Ó, tabhair mo bheannacht síos leat go Contae Mhaigh Eo.