Máire Ní Taidhg Óig – Sean Nós na bhFear Oireachtas 2018

Máire Ní Taidhg Óig

Agus éirigh i do shuí suas, a bhuachaillín óg,
Agus tabhair leat an pónaí is fearr agat ar dtús,
Ach téirigh ‘un an chora agus aithris do bhrón,
Agus tabhair leat abhaile, sí Máire Ní Taidhg Óig.

‘Gus a Mháire, is tú a deirim, ‘s tú grá geal mo chroí,
Is tú an phlándóg is deise ‘gus áille fán saol,
Dheamhan lúibín claí ná toime nár shiúil mé in do dhiaidh,
Ar shúil is go dtabharfá tuineadh dhom, sea dhiúltaigh tú mé.

‘Gus nuair a éiríonns Máire go hard ins an sliabh,
Mar a n-íslíonns an ghealach sea ardaíonns an ghrian,
Tá ceo aoibhinn meala goil roimpi is ina diaidh,
‘S tá úllaí cumhra ar chranna ann ‘gus iad ag claonadh le cumha.

Ní mhór dhom le bean eile óra dhá mhíle punt,
Barr sléibhe dhá loilíoch agus iad a bheith i bhféar,
Tréad álainn de chapaill ‘gus tíobhais dhá réir,
Ach sí Máire mo roghain-sa ‘gus faighim í gan spré.

Is nach trua ghéar gan mise is an bhean is fearr liom fán saol
I mullach Ghleann na nEang nó i nGleann Ghlan Dé
Mo dhá láimh a bheith fúithi ‘gus thart agam is mé ag pógadh a béal
‘S an oíche a bheith chomh fada agam le haon tseachtain déag.