Bean a’ Leanna – Sean Nós na bhFear Oireachtas 2018

Bean a’ Leanna

Agus éirigh i do shuí bhean a’ leanna
‘S ná bac le do chaipín a ghléas’
Nó go bhfaighe tú dhom braon uisce beatha
Nó cárt go do chuid leanna fhéin
Mar beimid ag ól go maidin
Seo sláinte na bhfear dhaoibh go léir
’S nuair a fhágfas an máistreás an baile
Beidh an cailín is deise agam fhéin.

‘Gus a Dhia céard a dhéanfas mé amáireach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá a’ goil aniar,
Mar ní fhéadfadh mé thíocht ina láthair
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh,
Nuair a smaoiním ar a súgradh ‘s ar a gáire,
Is ar inneach a dá láimhín fial
Nár b’fhearr dhuit a bheith i do chodladh taobh thuas díom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh an lá

Óra shiúil mise bogach agus sléibhte
‘Gus cnoic a bhí géar as a mbarr
‘Gus go leor bealaí eile nach ndéarfainn
is gan unsa ar bith céille i mo cheann
‘S nuair a smaoiním ar mo stáidbheanín bhéasach
Nach síneadh sí taobh liom go brách
‘S nár b’fhearr dhuit a bheith i do chodladh taobh thuas díom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh an lá

‘S nach fada mo chosa gan bróga ‘s nach fada mo phócaí gan pingin
‘S nach fada mé ag siúl le mná óga
Ach níor shiúil mise fós le mo mhian
Is nach fada mo chróchair dá déanamh
Is mo chónra dhá gearradh ag an saor
Mo thumba dá tógál ón ngearradh
‘S na buachaillí óga ag dul faoi.

Bhí mise an oíche cheana is mé súgach
Is mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí streancán de phíobaire caoch ann
Agus jug fuisce líonta aige ar chlár
Nár thit muid lag marbh síos ann
‘S ní raibh meabhair i mo chois ná i mo láimh
Is nár b’fhearr dhuit a bheith i do chodladh taobh thuas dhíom
Ná a bheith i gCorcaigh dhá uair roimh an lá.