Pota Mór Fataí

Pota Mór Fataí

Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí
Is é pota na leath-chloiche a chuireann siad síos.
Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!
 
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Óra, seanphota gliomach agus rothaí a chur faoi!
Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Ó tá Baba sin ‘ainne is a méir ina béal!
Is a bhó mo leanbh, a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Ó is ná dúisigh mo leanbh – is cé déarfadh nach í!
Is a bhó mo leanbh a bhó mo lao
Ó bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í.