Fáinnín Bán an Lae – Sean Nós

Téamaí

Fáinnín Bán an Lae

Maidin chiúin ‘s mé ‘goil ‘un siúil go bruach Locha Léin
Bhí ’n samhradh ‘teacht ‘s an ghaoth le n-ais agus foscadh deas ón ngréin
Go bailtí poirt a ghabhas ar dtús agus gleanntaí míne réidh
Cé gheofainn lé m’ais ach cúilín deas le fáinnín bán an lae.

Thart isteach ón taobh ó dheas ar dtús sea ghluais an tseóid
Mar an scaladh gréine ar thaobh an chnoic thrí chuisle beag ón gceo
Bhí áirní cnó ina glaic aici ‘s nár chiúin agus deas é ‘méin
‘S go dtug sí an sway ó Bheanntraí isteach lé fáinnín bán an lae.

Nach trua gan mé ‘gus stór mo chroí ar thuláinín gan féar
Go dtabharfainn cultha an aifrinn dhi nach n-iarrfainn léith’ aon spré
Mar gheall ar iníon fir ar bith nach dtug mé riamh di spéis
Go n-éalódh sí ‘sna sodair liom lé fáinnín bán an lae.

Go deimhin, a Sheáin, ní phósfainn thú, mara ndéanfaidh mé leat bréag
Ach téirigh ‘s fill ar t’ais aríst tá bean eile in do dhéidh
‘Óigfhir chiúin ná scaip mo chliú gan ceangal dlúth ón gcléir
Dearc lé t’ais, tá’n tsoilse ‘teacht lé fáinnín bán an lae.

Tá buachaill óg sa mbaile seo, is cuma ar bith cé hé
Tá a dheaidí is a mheamaí ag gol go mór ‘na dhéidh
Mara gcuirtear buairthín ceangal air ‘s é ‘choinneál acu fhéin
Sna líontaí gheofar gafaí é le fáinnín bán an lae.

‘S iomaí cor in aghaidh na mban is tá na fir dhá réir
Go moch ‘s go mall amuigh faoin drúcht, is bhain sé seal dhom péin
‘Óigfhir chiúin ní phósfaidh  thú gan bannaí dlúth dhá réir
‘S go n-éalóinn ins na sodair leat le fáinnín bán an lae.