Sadhbh Ní Bhruinnghiolla

Téamaí

Sadhbh Ní Bhruinnghiolla

Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnghiolla
Ach balla Inis Gé ’s cead éalú ar choiníní
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Máistir báid mhóir mé ag gabháil ród na Gaillimhe
D’fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad,
Nuair a fhaigheann siad an chóir ‘sé is dóichí nach bhfanann siad.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnghiolla,
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnghiolla.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Nuair a théimse ‘un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla
A chuisle is a stór, déan comhairle ar imeacht liom.

Nuair a thiocfas lá breá ‘gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnghiolla,
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!