Contae Mhaigh Eo – Amhráin in Ansa Liom 2

Amhránaí

Contae Mhaigh Eo

Agus liostáil mé le sergeant ag goil sráid an bhaile mhóir,
Agus chuir sé sin thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Thug sé gine buí ins gach láimh liom agus raidhfil le mé ghardáil
Ach dúirt mé leis go mb’fhearr liom é ná a bheith in Éirinn go mór.

‘S ar an loing seo, a Pheaid Uí Loinsigh sea a déanann mé an brón
Ag osnaíl ins an oíche agus go síoraí gol sa ló,
Ach anois ó dhalladh m’intinn, is mé a bheith i bhfad ó mo mhuintir,
Is dar m’fhocal ‘is maith a chaoinfí mé igContae Mhaigh Eo.

Agus murach bás mo mháithrín ó bheinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins gach láimh liom is mé i gcomhluadar bean óg.
Ach ag síor-ól na gcártaí, agus an dlí a bheith ró-láidir
Ní i Santa Cruz a d’fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.

‘S go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt don Abhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachra ag buachailleacht na mbó;
Go dtaga Cnoc Bhinn Léibhe agus go dtite sí i Loch Éirne
Ach go dtaga sin ní fheicfear mé i gContae Mhaigh Eo

Is tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
Ní rachaidh mé á éileamh ann ó choíchín ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaidh thiar orm
Agus go gcrochfaí mar gheall ar fhiacha mé
Is go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go hiallachaí mo bhróg.

Is tá ba is caoirigh bána ag mo mhuintirsa i Maigh Eo
Is mise anseo faraor faoi dheacracht is faoi bhrón
Is nach iomaí buachaill múinte ann agus cailín socair suaimhneach
Bheadh agam le mé a chaoineadh i gContae Mhaigh Eo

Is a chomrádaí na dílse, táimse cloíte go mór,
Is dheamhain a b’fhéadfainnse cur síos ar dhá trian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, is a maireann do mo mhuintir,
Ó tabhair mo bheannacht síos leat go Contae Mhaigh Eo.