Táilliúr a’ Mhagadh – Amhráin in Ansa Liom

Amhránaí

Táilliúr a’ Mhagadh

Is thíos ag an tobar ‘sea chuir mise an fáinne amú,
‘Sea a dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua,
‘S bhí a grua trí lasadh ‘s a leicne mar bláth na n-úll,
‘S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.

‘S dhá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras ‘s ligfinn thú féin isteach,
Chóireoinn do leaba ‘gus luífinn in éineacht leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

‘S a tháilliúir a’ mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talmhaí a dhéanfas go domhain mo theach,
‘S a d’éireos ar maidin ‘s a chraithfeas an síol i gceart,
‘S nach suífidh cois doras ag feadaíl ná a’ ruaigeadh cearc.

Ó is a tháilliúirín suarach cé phósfadh thú fhéin mar fhear,
‘S do chuid loirgní dóite ‘s tú ag imeacht ó theach go teach,
Cur síos ar do chomharsa ‘s an té úd nach dtaitneodh leat,
‘S Mac Duach, ‘s Mac Dara is go ngreamaí do thóin don hob!

Ó is an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
‘S bíonn ceol binn na mbeachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Ó is mo stóirín faoi leath-trom ag fear eile le fáinne an lae.