An Díbearthach Ó Éirinn – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An Díbearthach ó Éirinn

Do tháinig cois na taoide an Díbearthach ó Éirinn 
A dhlaoi fliuch ón spéir agus éadach ón áir 
Ba sctiosmhar dá chaoineadh a thír is é ina aonar 
San oíche faoi bhléin chnoic na sceirde gan scáth 
Bhí a shúile is a intinn go cruinn ar an réiltheann 
a thugadh fios an lae dhó in Inis na Féile 
Mar a gcanadh sé le díogras a chroí istigh an dréacht seo: 
“Bua agus treise leat a Éirinn go brách”.

“Is trua é mo chúis” arsan sciúrling bocht céasta 
“Gan suairceas gan faoiseamh ó phéin nó ó ghá 
Níl áitreamh mo chumhdaigh i dtriúchaibh an tsaoil seo 
Fiaphoic is faoilinn cé féidir leo é fháil. 
Ní fheicfeadsa choíche an choill chlúthmhar chraobhach 
Mar a mbíodh mo mhuintir ag síor chleachtadh saor-chleas 
Ní chuirfead bláth ná mínscoth ar mo chaoin-chruit dá gléasadh 
Is ní bhuailfead a téada ar Éirinn, go brách.”