Slán Le Máigh – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Slán Le Máigh

Ó slán is céad ón dtaobh so uaim 
Cois Máigh na gcaor na gcraobh na gcruach 
Na stát, na séad, na saor, na slua 
Na ndán, na ndréacht, na dtréan gan ghruaim.

Och, ochón is breoite mise 
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste 
Gan sult, gan seod, gan spórt, gan spionnadh 
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán go héag dá saor-fhir suairc 
Dá dáimh, dá cléir, dá héigs’ dá snua 
Dom’ chairde cléibh, gan chlaon, gan chluain 
Gan cháim, gan chaon, gan chraos, gan chruas.

Och, ochón is breoite mise 
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste 
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh 
Ó seoladh mé chun uaignis.

Is fánach faon mé is fraochmhar fuar 
Is táim lag tréith is tromach trua 
I mbarr an tsléibhe gan aon monuar 
Im pháirt ach fraoch agus gaoth aduaidh.

Och, ochón is breoite mise 
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste 
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh 
Ó seoladh mé chun uaignis.

Don tsráid nuair théim mar aon ar cuaird 
Ní háil leo mé is ní raghad lem’ chluain 
Bíd mná le chéile ag plé dá luadh 
Cá háit, cé hé, cá taobh nár ghluais?

Och, ochón is breoite mise 
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste 
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh 
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán dá n-éis dá béithe uaim 
Dá mná go léir dá scéimh dá snuadh 
Dá gcáil dá gcéill dá gcaon dá gcuaird 
Dá bpráisc dá bplé dá méinn dá mbua.

Och, ochón is breoite mise 
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste 
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh 
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán thar aon don té ná luaim 
Sí an bháinseach bhéasach bhéal-tais bhuach 
Chuir tráth chun sléibhe mé i gcéin im’ ruaig 
Sí grá mo chléibh b’in Éirinn cuach.

Och, ochón mo bhrón mo mhilleadh 
An iomarca an óil is pógadh bruinneal 
Chuir mise dem ló gan fód gan fothain 
Is fós gan iomad fuadair.