Seoladh na nGamhna – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Seoladh na nGamhna

Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg
Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach,
‘Sea do dhearcas-sa chugham an cúilfhionn greannta
Go ciúin, tais, banúil, náireach.
D’fhiosraíos fhéin go séimh den ainnir
Ar aon ní thar lear a tháinig:
Ag lorg na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baile
Is ceann ní bhfaighidh go lá dhíobh.

Ag lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanbh
Is níor tháinig sí in am ná i dtráth chugham
Mar bhí Traolach roimpi ag poinnte an ghleanna
‘S Peadar Ó Dubhda an sárfhear.
Sin iad atá i gcónaí i ndiaidh an ainnir
Is a rian go cuirfidh sí go brách di
Is má thá dlí le fáil sa tír seo ina bhfuilim
Bainfidh mé sásamh mo ghrá dhi.

Tá crainnín cumhra i lúib na coille
Is raghaimid araon go lá ann,
Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dar síorchur a chodladh
Is geobhaimid na gamhna amárach.
Gheobham cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhóibh.
Is ó ag scarúint óna chéile dhúinn chugainn araon ar maidin
Seo póg agus barraí beag na lámh duit.

Is b’fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag
Go mbeimis araon in ann pósadh
I seoimrín naofar ar thaobh an ghleanna
‘S an Bhrídeach ag ól ár sláinte
Beidh beoir againn á líonadh croí gan dochma
Agus gloine den fíon dhonn Spáinneach
Beidh púins againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach.