An Jug Mór Is É Lán

Téamaí

Tá scéilín breá nua agam le hinsint
‘S is cóir é a chraobhscaoileadh ins gach áit
Go bhfuil biotáille gach lá ag dul i saoire
Agus áthas mo chroí orm dá bharr
Dos na sár fhir do b’fhearr liom é dh’insint
Bíonn ag táladh na dí ar cheann cláir
Go bhfaighfí lán cárt ar thirteen de
Agus cairde trí mhí chun reicneáil.

Ó chuaigh sé i saoire chomh mór san

Ní foláir dom suí suas ar cheann cláir

Agus suíochán a fháilt ann chun fuaire
Ós go lá geal dé Luain bead dhá fháil.
Mo chairde do bheith láimh liom fé shuairceas
‘S níor b’fhearr liom bheith ag cur cruach ar sparán
Níl gnó agam bheith ag trácht ar aon bhuaireamh
Ach mo ghrá-sa an jug mór is é lán!

An té chífeadh na gloiní ag gabháil timpeall

‘Gus na farairí ina suí ar cheann cláir
Mo chroí-se chomh ard le barr a tí seo
Éiríonn sé suas le móráil.
An té nár ól riamh aon scilling is nár dhíol as
‘Sé is minicí a scaoiltear chun fáin.
Fé thuairim gur buan fada síoraí
Na buachaillí a líonfadh an clár.

Is a bhuachaillí óga na dúiche
Seo comhairle do bheirim díbh fós
Dul go tigh an leanna le fonn dí
Is a bheith ag mealladh na gcúlfhionn deas óg
Glaoíg na cáirt is na piúnta is scaipíg bhur bpúint is bhur gcoróin
Fágaíg an chailleach ag búraíg
Nuair a chnuasaigh sí chuichi claoid óil.

Ná creidse anois gur gliogar mo ráite
Chun go neosfad díobh fios fáth mo scéil
Gur mó fear meanmach láidir
Do chuaigh le trí ráithe sa chré
Nár ól riamh aon scilling i dtigh an tábhairne
Ach ag carnáil an sparáin mór go léir
Is mairg nár bhain an chéad lá as
Gan é a bheith spártha ina dhiaidh.

Is ró-bhreá an t-oideas dochtúra
Fuiscí breá cumhra is é saor
Do bhaineadh sé an ceo ‘gus an smúit leis
Ach fágadh sé súgach gach n-aon
An tseanbhean bíonn ina luí ins an chúinne
Le seacht mbliana i gcóngrach is i bpéin
Óra ólann sí lán an leath-phiúint de
Is lúfar is is láidir a léim.