Tomás Bán Mac Aogáin – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Tomás Bán Mac Aogáin

‘S aréir ag teacht ón tórramh dhom sé dhearc mé stór mo chroí
Mo chreach ‘s mo chrá is cinnte sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing i goil trasna thríom ’s í gcónaí i lár mo chroí,
Is, a stór, mar a dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

‘S tháinig Tomás Bán ar cuairt a’am is mé in uaigneas liom fhéin.
Séard dúirt sé, ‘ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sí do chúilín dualach a mharaigh mé, ‘s i ngeall ort a crochfar mé,
Gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín a d’oil mé.”

A chomharsanaigh is a chomhairleoirí ná tógaidh orm é
Faoi ghoil ag múineadh an eolais le stórín geal mo chléibh
Ní bhfuair mé ariamh droch-eolas go fóill ó rugadh mé,
Is mara b’fheicfinn ach ag goil an bóithrín thú go dtógfadh sé mo chroí.

Tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé ghoil ann
Beidh ann seisiún cheathrúnach idir Gaeil is Clainne Gall,
Ó daorfar ann beirt éicint agus crochfar iad, mo léan,
Mar tá Tomás Bán’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé ghoil ann
Beidh ann seisiún cheathrúnach idir Gaeil is Clainne Gall,
Ó daorfar ann ó beirt éicint is crochfar iad, mo léan,
Mar tá Tomás Bán ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

‘S a Thomáis Bháin, is tú rún is searc mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean duit seachas buachaillí óga an tsaoil
Ó crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé,
Is a Dhia, nár mhór an feall é óra planda breá mar é.

‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú a ghoil i gcill
Cérbh ionadh liom do mháithrín bheith cráite i do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici cén chás dhi thú a bheith tinn,
Ach go do chrochadh as na saltrachaí is an bháisteach le do dhroim.

Ní slad mainistreach ná teampall a rinne stór mo chroí
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach i ngeall ar bhólach Stanley sea crochadh é mo léan,
‘S an té a bhfuil grá do Chlanna Gall aige, an ceann go gcaillfidh sé.

Tá garda breá láidir ag teacht le stór mo chroí,
Ó Gearaltaigh Chluain Dhálaigh ‘s arm deas an Rí
Maolra Óg Ó Conaill is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
Dhá mbeadh triúr mar Ó Conaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí.